Cé Muidne
 

Bhunaigh Conall Ó Murchadha Cúchonaill mar fhiontar a dhearann suíomhanna idirlín i mí an Mheitheamh 2007. Thosaigh Conall ag clárú ríomhairí nuair a bhí sé cúig bhliain déag d'aois ar Chommodore 64. Tar éis dó cúrsa ríomhchlárúchána a dhéanamh i gcoláiste tríú leibhéil, thosaigh sé ag obair mar inealltóir bogearraí i 1991. Ó shin i leith bhí baint ag a chuid oibre le ríomhairí beagnach i gcónaí. Chomh maith le rudaí eile, d'oibrigh sé mar ríomhchláraitheoir idirlín le Smartforce (Skillsoft atá orthu anois) agus mar theagascóir le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

I 2004 thosaigh Conall ag obair le Decapod.tv — gnóthlucht a dhíolann stoc de phíosaí scannáin de dhúlra mara agus de radharcanna faoi uisce. Le Decapod.tv, lean sé ar aghaidh ag obair mar ríomhchláraitheoir idirlín agus d'fhorbair sé suíomh mór an ghnóluchta, www.Decapod.tv. Thosaigh sé ag dearadh le Macromedia Flash freisin. Úsáidtear Flash go príomha chun anamúlacht a chur le suíomhanna idirlín ach is féidir suíomhanna iomlána a chruthú leis chomh maith le rudaí eile.

Tá Conall ag obair go neamhspleách mar dhearthóir gréasáin agus graifice faoin t-ainm greatha nua-chláruithe. Tá sé lonnaithe ar An Spidéal i gCois Fharraige.